Letra de Mheall Si Lena Glorthai Me de Clannad


Letras de Clannad

Letra de Mheall Si Lena Glorthai Me
Seo mo mhallacht ar na mná,
'S iad a mhearaigh mé 'gus rinne mo chrá,
Thit mé I dtus mo shaoil I ngrá le spéirbhe,an álainn óg
Is mheall sí lena glorthaí mé.

'S í bhí sochmaí laghach gan bhróid,
'S í ba mheallachaí 's ba mhilse póg,
Bhí sé cróiuil greannmhar cóir 's ní bréag a bhfuil mé 'rá,
Gur mheall sí lena glorthaí mé.

Shíl mé nach raibh duine bocht ar mo dhream,
Nach raibh sa tsaol seo ach spórt is greann,
Ach faraoir tá mé fágtha anois go fann, modhobhrán bhoct liom féin,
Ó mheall sí lena glorthaí mé.

Is iomaí oiche fhada fhuar,
A chaith mé 'suirí leithe chois na gcruach,
Is a 'teacht 'na 'bhaile arís gan ghruaim le bodhránacht a' lae,
Nuair a mheall sí lena glorthaí mé.

Thóg sí a seotlaí I bhfad ar shiul,
Is d'fhág sí mise a' sileadh na sul,
Nar chuma liom dá mbínn a' duil, lena feicéail arís níos mó,
Och, mheall sí lena glorthaí mé.

Nach doiligh domhsa theacht fríd a' tsaol,
O d'eálaigh an ainnir ud a chráigh mo chroí,
Is d'fhág sí mise lag gan bhrí 'o mo chaitheamh 's 'o mo chloí,
Ó mheall sí lena glorthaí mé.

Ach dá bhfáighinn-s"a an saol seo ar mo mhian,
Scéal cinnte go mbeimis óg a choích',
Nó chuirfin-se lámh na cloige arís
Go dtí an t-am arbh fhiu bheith beo
Nuair a mheall sí lena glorthaí mé.
De nuevo a: Clannad Letras


Soundtracks / Top Hits / One Hit Wonders / TV Themes / Miscellaneous