Letra de An tOilean Ur de Clannad


Letras de Clannad

Letra de An tOilean Ur
Rinne mé smaointeamh in m'intinn is lean mé dó go cinnte
Go rachainn ó mo mhuintir anonn 'un Oileáin Úir
Tá mé 'g iarraidh impí ar an Ard-Rí 'tá 's mo chionn-sa
Mo shábháil ar gach dáinséar go gcríochnaí mé mo shiul

Shiul mé fiche míle 's níor casadh orm Críostaí
Capall, bó, ná caora dheánfadh inghilt ar an fhéar
Ach coillte dluth' is gleanntáin agus buirtheach beithidhigh allta
Fir is mná gan toint' orthu a chasfainn fá mo mhéar

Tharlaigh 'steach i dtoigh mé is casadh orm daoiní
D'fhiafraigh siad cárbh as mé nó'n tír 'nár tógadh mé
Labhair mé leof' i mBéarla gur tógadh mé in Éirinn
Láimh le Loch Eirne i gCoillidh Lios na bhFraoch
Bhí cailleach insa chludaigh is í ina suí go sugach
D'éirigh sí go lufar agus chraith sí liom lámh
Sé d'bheatha fear do thíre ar' bhfaca mé de dhaoiní
Nár tógadh mis' in Éirinn i mBaile Lios Béal Atha

Nuair a chonnaic mé na daoiní is ansin a rinne mé smaointe
Gur méanar dá mbeinn in Éirinn 's mé sínte faoi chlár
Nó sin an áit a bhfuighfinn a' t-aos óg bheadh laghach aoibhinn
A chaithfeadh liom an oíche 'gus páirt mhór den lá
De nuevo a: Clannad Letras


Soundtracks / Top Hits / One Hit Wonders / TV Themes / Miscellaneous